Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Scannal i bhForas na Gaeilge

category national | rights, freedoms and repression | news report author Saturday March 01, 2008 15:44author by Madra Rua

Tá duine ar bhord Fhoras na Gaeilge agus é de chumhacht aici airgead stáit a bhronnadh ar a comhlacht féin. Tá meáin na Gaeilge ag diúltú an trasnaíl leasa seo a phlé.

Tá bord nua ar Fhoras na Gaeilge in oifig ó thús na bliana seo. Tá sé de chúram ar an bhForas foilsitheoireacht na Gaeilge a mhaoiniú. I measc na mball den bhord tá Caoilfhionn Nic Pháidín, duine den bheirt stiúrthóirí ar an gcomhlacht foilsitheoireachta Cois Life. Dúirt an ráiteas oifigiúil faoi cheapadh an bhoird gur “ceapadh ó Bhord na Leabhar Gaeilge le bheith ar bhord an Fhorais” í. Mar sin, is léir go mbeidh freagracht ar leith uirthi i dtaobh cúrsaí foilsitheoireachta.

Fágann sé seo go bhfuil cumhacht ag Nic Pháidín airgead stáit a bhronnadh ar a comhlacht féin. Ní hamháin sin, ach beidh cumhacht aici airgead a choinneáil ó chomhlachtaí eile atá in iomaíocht le Cois Life. Is trasnaíl leasa amach is amach é seo.

Tá litreacha scríofa chuig ‘Foinse’ agus ‘Lá Nua’ faoin scannal seo, ach tá diúltaithe acu na litreacha sin a chur i gcló. Ar ndóigh, tá na nuachtáin seo ag brath ar airgead Fhoras na Gaeilge chun maireachtáil. Tá feicthe againn gur cuireadh deireadh leis an iris ‘Comhar’ nuair a bhain an Foras a deontas di, agus gur cuireadh ‘Lá Nua’ i mbaol ar an gcaoi chéanna. Nuair nach mian leis na meáin seo a gcuid deontas a chur i mbaol, is deacair ceist mar seo a ardú.

I láthair na huaire, tá Foras na Gaeilge ag breithniú iarratais ar dheontais ó scríbhneoirí agus foilsitheoirí. Ina measc siúd a dhéanfaidh cinneadh orthu, tá Caoilfhionn Nic Pháidín. Beidh sí ag glacadh lán-pháirt sa phlé ar na hiarratais, agus beidh cumhacht aici vótáil i bhfabhar airgead a thabhairt do Chois Life, agus in aghaidh airgead a thabhairt d’fhoilsitheoirí eile.

Dá dtarlódh a leithéid ar aon bhord stáit eile, chuirfí binse fiosraithe ar bun. An bhfuil pobal na Gaeilge sásta glacadh le caighdeán níos ísle?

Related Link: http://www.gaelport.com/index.php?page=news&article_id=2511


Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.