leabhar á sheoladh
Seolfar 'FAOIN BHRATACH DHEARG: aistí sóisialacha' in Connolly Books, Sráid Essex Thoir, Baile Átha Cliath ag 5.30 pm Déardaoin 20 Meán Fómhair
Fáilte roimh chairde uile na hirise
Tá an iris 'Red Banner' ag plé smaointe sóisialacha gan chuing gan cheangal ó 1997 i leith. Ní hé an chuid is lú den nuacht a bhain leis an iris riamh go saothraíonn sí saíocht an tsóisialachais i nGaeilge chomh maith le Béarla. Tá na haistí Gaeilge ó na chéad deich mbliana de 'Red Banner' cnuasaithe anseo.
Tugtar gnéithe dearmadta d’oidhreacht an tsóisialachais i nGaeilge chun suntais sa leabhar seo. Cíoraítear ceisteanna a bhaineann le stair lucht oibre na hÉireann. Pléitear fadhbanna géara an lae inniu ó ghéarchéim na timpeallachta go géarchéim an chóras sláinte. Cuirtear mórcheisteanna teoirice faoi dhíospóireacht. Tá léargas le fáil ar chúrsaí idirnáisiúnta i ré seo an domhandú.
Ní tráchtais fhuarchúiseacha na haistí seo, ach iarrachtaí díograiseacha an saol a thuiscint is a athrú, agus is fiú i gcónaí a leithéid a léamh go grinn.
Foilsithe ag Coiscéim i gcomhar le Red Banner
Comments (3 of 3)
Jump To Comment: 1 2 3Ar fheabhas ar fad. Ádh mór oraibh leis an togra seo. Cá huair a mbeidh an leabhar ar fáil ar fud na tíre?
Tá 'Faoin Bhratach Dhearg' á scaipeadh ar shiopaí leabhar faoi láthair. Is féidir é a ordú díreach ó Red Banner freisin: tá sonraí ar fáil ón nasc sin thuas.
tugaim nach bhfuair an " nuacht " seo freagairt!
Ar léigh éinne an leabhar agus ar mhaith sé léargas a thabhairt ar a fhiúntas?
Tá tuairim agam go bhfuil na haistí seo as dáta.
Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.