Tarlaíonn paráid Lá Bealtaine na bliana seo agus céad bliain ó cheann stalic na ndugairí agus na gcairteoirí i mBéal Feirste buailte linn.
Beidh achan duine ag bualadh le chéile ag Cearnóg an Tí Chustaim ag 11.30rn, áit a mbeidh Patricia McKeown (leasuachtarán ICTU), Jack O'Connor (arduachtarán SIPTU) agus eile ag labhairt.
Ansin fágfaidh an pharáid an chearnóg ag 12.30in agus déanfaidh sí a bealach tríd an chathair go sroicheann sí Margadh Seoirse, ina mbeidh ceol agus craic ar fáil do chách.
Bí ann.