D'fhógair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste na teorainn i gcomhar ‘Ceathrú Gaeltachta’ ar Bhóthar na bhFál Dé Satharn.
Bhí lá stairiúil ann don Ghaeilge Dé Satharn seo caite (09/08/06) nuair a d'fhógair Comhairle Cathrach Bhéal Feirste na teorainn i gcomhar Ceathrú Gaeltachta sa chathair.
Tá an Ceathrú suite ar Bhóthar na bhFál idir lár na cathrach agus reilg Bhaile an Mhuilinn.
D'fhoilsigh an Comhairle treorleabhair don cheantar agus dúirt an comhairleoir Paul Maskey ó Shinn Féin go meallfadh an togra turasóirí chuig an chathair.
Dúirt Jake MacSiacais ó Forbairt Feirste, gur deis mhór a bhí i bhforbairt an cheathrú Gaeltachta agus gur thug sé seans do phobal na cathrach ar fad leas a bhaint as saibhreas na Gaeilge.
http://www.belfastcity.gov.uk/news/index.asp?ancillarym...=news