23 June, 2005
Sinn Féin MEP Bairbre de Brún became the first person to address the European Parliament in Irish since the European Council agreed to give it the status of official working language of the EU. Ms de Brún spoke in Brussels yesterday evening.
23 June, 2005
Full text of Speech:
Mar Gael agus mar gaeilgeoir failtím roimh chinneadh an Aontais Eorpaigh go dtabharfaí stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Cuirfidh an t-aitheantas sin chan amháin le stádas na teanga ach beidh tionchar an-mhór ag aitheantas idirnáisiúnta ar stádas lucht labhartha na Gaeilge chomh maith.
Molaim go hard gach éinne atá bainte leis an fheachtas STÁDAS agus na heagraíochta ar fad atá ag obair ar son cothromaíochta do phobal na Gaeilge i gcomhar lenár gcomh Eorpaigh.
Iarraim ar Uachtarán na Pairliminte ár sásamh a chur in iúil don Chomhairle. Iarraim air chomh maith cinntiú go ndéanfaí gach ní is féidir le go mbeidh Pairlimint na hEorpa agus na hinistiúidí eorpacha eile in ann freastal ar na riachtanais a bhaineann leis an stádas nua idir seo agus Mí Eanáir 2007 agus go mbeifear in ann na seirbhísí cuí a sholáthar i nGaeilge.