AN DRAOI RUA discusses the merits of a citizen as opposed to the attitude of a consumer and the roles that people take within society. This piece was inspired by Scott Ritter, the American ex-arms inspector for the UN, who spoke in Galway recently.
Bhí Scott Ritter, an t-iarchigire airm ó na Stáit Aontaithe, ag caint ag cruinniú póiblí i nGaillimh 3 Iúil. Bhí sé ina bhall den Pháirtí Phoblachtánach agus chaith sé tréimhse sna 'Marines' chomh maith. D'ainneoin a chúlra choiméadach, thug sé oráid suimiúil ar cheiliúradh SAM 4 Iúil, 'Lá an Neamhspléachais' agus cad is brí lena leithéid dó féin go pearsanta.
Mar chúlra na hocáide, ba mhaith liom a léíriú go raibh an t-Uasal Ritter in Éirinn ar mhaithe le fianaise a thabhairt i gcás cúirte Mary Kelly a bhí cúisithe as damáiste 1.5 milliún euro a dhéanamh d'eitleán Mheiriceánach. Ag caint ar an ábhar seo, chuir Ritter eachtra Mary Kelly i gcompáraid le Gearmánach ag déanamh ionsaí ar traen lán de Ghiúdaigh ar a bhealach chuig sluachampa lena marú le linn an dara chogadh domhanda.
Cuireadh an dlí ar Mary Kelly i gCill Rois, i gContae an Chláir seachtain ó shin ach níor éirigh leis an giúiré a bheith aontaithe ar a cás. Mothaíonn sí go bhfuil faoiseamh éigin tugtha di óir tugadh treoir don ghiúiré breithiúnas ciontach a thabhairt. Níl sí go hiomlán slán go fóill óir tá seans ann go mbeidh atriail ann san fhómhair.
Comments (5 of 5)
Jump To Comment: 1 2 3 4 5Ní féidir comparáid ar bith a dhéanamh idir an cogadh anois thart agus na Ghiudáí ag dul go dtí Auischwitz agus áiteanna mar sin. Ní féidir. Má dhéanann tú an cmparáid sin, is féidir liom a rá gur amhlaidh Saddam agus Hitler ag bagairt na tíortha maguaird. 'Sé caint an amadán ag deanamh comparáid le CD11.
Sílim gur a bhí ag rá ag an tUas. Ritter ná gur samplaí iad inár bhris daoine an dlí chun saolta a shabháilt.
Gearmánach ag scriosadh doras na traena chun daoine a choinneáil ó bháis(ar feadh tamaill).
Mary Kelly ag scriosadh cuid d'eitleán, eachtra a gcoinneodh an eitleán ó bhuamaí marfacha a leagadh in Iaraic(ar feadh tamaill).
Bhfuil a fhios ag éinne cad é téarmaíocht na "Occupied Palestinian Territories" as Gaeilge?
GRMA
Bainfidh mé triall as ach ní dóigh liom go bhfuil sé ceart. B'fhéidir: Na Limistéir Áitithe Palaistíneacha.
Aontaím go hiomlán le do chuid tuairimí i dtaobh Mary Kelly. Go raibh maith agat, a Sheáin.
Ach fuair mé an tearmaíocht seo ó mhuintir,
http://www.beo.ie/ple
agus ó
http://www.craiceailte.com
Na Críocha Gafa Palaistíneacha
Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.