Cruinniú ag Institiúid na hÉireann, 27 Sr. an Phiarsaigh, 2
Beidh Cruinniú Poiblí chun Saoirse a éileamh do Mharian Price, atá a coinneáil go héagórach i bpríosún sa tuaisceart, ar an Domhnach 25 Márta, 2012 ar 3 p.m. in Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2.
Cainteoirí, An Mons. Réamonn Ó Muirí, Eamonn McCann agus Íte Ní Chionnaith. Bí gníomhach sa bhFeachtas chun Marian a shaoradh. Eolas: www.freemarian.co.nr
COTHROM NA FÉINNE DO MHARIAN PRICE
D'fhulaing Marian Price tréimhse fada príosúnachta i Sasana agus ó thuaidh in Éirinn agus scaoileadh amach ar phardún í tar éis gur beathaíodh í go foréigeanach 400 uair i Sasana i rith na 70í. Gabhadh arís í i mBealtaine 2011 le hordú ó Owen Patterson (Rúnaí Stait neamhthofa an tuaiscirt) a mhaígh gur aistharraingíodh a ceadúnas. Tá an tSeirbhís Ionchúisimh Poiblí ag rá anois gur stróiceadh suas an pardún. Is ionann sin is a rá go bhfuil imtheorannú ar ais arís sa tuaisceart.
Tá Marian á coinneáil faoi ghaibhniú aonair ar feadh an ama ar fad, cé go bhfuil seo ag sárú treoracha cearta daonna. Bhí sí mar an t-aon bhean i bpríosún Mhaigh gCabraí agus tá si anois faoi ghaibhniú aonair arís i sciathán ospidéil Hydebank, Béal Feirste, áit a bhfuil si an-tinn.
Tá céasadh siceolaíochta, imtheorannú gan triail agus díoltas polaitiúil á imirt ar Mharian Price.
Bí gníomhach sa bhFeachtas chun Marian a shaoradh. www.freemarian.co.nr